Seimineár Taighde sa Nua-Ghaeilge: ‘Meigiolach gabhair agus mac bitse’: An tAthair Peadar agus Beirt Fhear i mbun comhrá

An Dr Tracey Ní Mhaonaigh ag labhairt ag an ócáid i Leabharlann an Ruiséalaigh
Friday, October 20, 2017 - 14:45

Cuireadh tús le sraith nua seimineár taighde sa Nua-Ghaeilge Dé hAoine 20 Deireadh Fómhair nuair a thug an Dr Tracey Ní Mhaonaigh caint ar litreacha leis an Athair Peadar Laoghaire, agus é ag scríobh chuig Séamus Ó Dubhghaill (Beirt Fhear), atá á gcoimeád i Leabharlann an Ruiséalaigh. Mhair an comhfhreagras eatarthu tréimhse 8 mbliana déag, ó mhí Aibreáin 1899 go dtí mí an Mheithimh 1917—tréimhse an-tábhachtach i scéal na Gaeilge agus obair Chonradh na Gaeilge faoi lán seoil, An Claidheamh Soluis tagtha ar an saol agus ceisteanna teanga agus cultúir á gcur agus á bplé. I Leabharlann an Ruiséalaigh féin a tugadh an seimineár agus cuireadh roinnt litreacha ón mbailiúchán ar taispeáint don slua a bhí i láthair.