Maynooth University welcomes continued growth in CAO applications

Tuesday, March 10, 2020 - 09:15

Irish Version
New BSc in Biological and Geographical Sciences sparks particular interest

Maynooth University continues to see strong growth in applications, following the trend of recent years.   The University has seen applications rise by 1%, despite a national decline of 2% in applications for Level 8 courses through the CAO.

The Maynooth Arts degree has the highest number of applications for any course in the CAO system, reflecting the popularity of the flexible Maynooth curriculum, in which students can progressively specialise as they progress.

Several programmes at the University have seen a substantial increase in first preferences including Engineering (+40%), Psychology (+29%), Business (+19%) and Biological and Biomedical Sciences (9%).

There has also been strong interest in the new BSc in Biological and Geographical Sciences degree which offers students the opportunity to study various areas of climate change, ecosystems, landforms, and how human activity impacts on our ecosystem both locally and globally. The new BSc is offered by two academic departments of international repute.

Commenting on the figures, Professor Philip Nolan, President of Maynooth University, said: “We are delighted to once again see so many students choosing Maynooth University as their first preference in this year’s CAO process. Our programmes provide students with excellent preparation for life and make them highly sought-after employees upon graduation.

“We look forward to welcoming our new students for the academic year 2020-2021. In choosing Maynooth University, they will join one of the leading universities in the world, with strong international connections and a lively, dynamic and rapidly-growing campus.”

Cuireann Ollscoil Mhá Nuad fáilte roimh mhéadú leantach i líon na n-iarratas CAO

CAO Tá méadú láidir fós le feiscint i líon na n-iarratas go hOllscoil Mhá Nuad, ag leanúint ar aghaidh sa treo ina raibh sé ag dul le blianta beaga anuas. Tá ardú de 1% sna hiarratais go dtí an Ollscoil, cé go bhfuil laghdú de 2% tugtha faoi deara ar bhonn náisiúnta sna hiarratais ar chúrsaí ar Leibhéal 8 tríd an Lár-Oifig Iontrála.

Tá an méid is airde iarratas sa chóras CAO déanta ar chéim Ealaíon Mhá Nuad agus is comhartha é sin ar an éileamh nach beag atá ar churaclam solúbtha Mhá Nuad, ar a dtugtar an deis do mhic léinn spéisialtóireacht a dhéanamh de réir mar a théann siad ar aghaidh.

Tá méadú suntasach tugtha faoi deara i roinnt mhaith cláracha san Ollscoil mar chéad rogha, lena n-áirítear Innealtóireacht (+40%), Siceolaíocht (+29%), Gnó (+19%) agus Eolaíochtaí Bitheacha agus Bithleighis (9%).

Léiríodh an-spéis sa Bhaitsiléir Eolaíochta nua sna hEolaíochtaí Bitheacha agus Tíreolaíocha, a thugann an deis do mhic léinn staidéar a dhéanamh ar ghnéithe éagsúla den athrú aeráide, éiceachórais, tírghnéithe agus conas a théann gníomhaíocht na ndaoine i bhfeidhm ar ár n-éiceachóras ar bhonn aitiúil agus ar bhonn domhanda.

Tá an Baitsiléir Eolaíochta nua á chur ar fáil ag dhá roinn acadúla a bhfuil cáil idirnáisiúnta bainte amach acu. Ag trácht ar na figiúirí seo, dúirt an tOllamh Pilib Ó Nualláin, Uachtarán Ollscoil Mhá Nuad: “Tá ríméad orainn arís go bhfuil Ollscoil Mhá Nuad mar chéad rogha ag an méid seo mac léinn le linn phróiseas CAO na bliana seo. Is fiú go mór ár gcláracha mar bíonn mic léinn ullmhaithe go fíor-mhaith chun tabhairt faoin saol mór ina ndiaidh agus bíonn an-thóir orthu mar fhostaithe agus a gcéimeanna bainte amach acu.

 “Táimid ag súil le fáilte a chur roimh ár mic léinn nua sa bhliain acadúil 2020 – 2021. Agus Ollscoil Mhá Nuad roghnaithe acu, is mar chuid de cheann de phríomhollscoileanna an domhain a bheidh siad, le nascanna idirnáisiúnta láidre agus campas beomhar, bríomhar a bhíonn ag fás agus ag forbairt de shíor.”