Léachtaí Cholm Cille 2019 - Comóradh an Leathchéid

Friday, April 26, 2019 - 09:00 to Saturday, April 27, 2019 - 20:00
Ollscoil Mhá Nuad

Déanfar leathchéad bliain a chomóradh ag Léachtaí Cholm Cille na bliana seo ar an 26 agus 27 Aibreán  Is i ngeall ar an stair áirithe sin a bheith á ceiliúradh a socraíodh téama chomhdháil na bliana seo, comhdháil a bheas faoi stiúir an Dr Eoghan Ó Raghallaigh, ina bpléifear mórthionscadail reatha taighde i Léann na Gaeilge chomh maith le treocht taighde an disciplín sna blianta atá romhainn. Ar na cainteoirí a bheas páirteach beidh Fangzhe Qiu as tionscadal ERC Roinn na Sean-Ghaeilge (OMN), Chronologicon Hibernicum, agus Aoife Ní Ghloinn, as Scoil an Léinn Cheiltigh (OMN), a thabharfaidh léacht faoina tionscnamh taighde COGG, 'Corpas Foghlaimeora TEG agus Tionscadal Próifílithe na Gaeilge'. Beidh an Dr Deborah Hayden, as Roinn na Sean-Ghaeilge (OMN), ag caint ar a tionscnamh reatha IRC Laureate a bhaineann le téacsanna Gaeilge leighis de chuid na Meánaoise. Cluinfear léachtaí eile sa chomhdháil le scoláirí as Coláiste na Tríonóide, Ollscoil Chathair BÁC agus OÉ Gaillimh, scoláirí iad seo uilig atá i mbun mórthionscadail mhaoinithe i réimsí ar nós filíocht na mbard, an fhoclóireacht agus filíocht chomhaimseartha na Gaeilge.
 
Déanfaidh Uachtarán OMN, Philip Nolan, an chomhdháil a oscailt go hoifigiúil tráthnóna Dé hAoine 26 ar 19:15 agus tabharfaidh an tOllamh Máirín Nic Eoin (OCBÁC) an phríomhléacht, 'Imeall nó Tairseach? Ionad agus Éifeacht Chritic Liteartha na Gaeilge le 50 Bliain Anuas', ina bpléifear éifeacht dhioscúrsa na critice sa Ghaeilge le 50 bliain. I ndiaidh léacht an Ollaimh Nic Eoin seolfar leabhar nua leis an Ollamh Fionntán de Brún, Revivalism and Modern Irish Literaure – the anxiety of transmission and the dynamics of renewal (Cork University Press), ar toradh é ar thionscnamh taighde a mhaoinigh an AHRC (RA), agus imeachtaí chomhdháil na bliana seo caite, Léachtaí Cholm Cille XLIX: Ón nGruagach Gréagach go Myles na gCopaleen: Saol agus Saothar Mhuintir Nualláin.
 
Is fada Léachtaí Cholm Cille ina réalt eolais ag lucht taighde na Gaeilge agus is é An Sagart, an comhlacht foilsitheoireachta atá anois faoi cheannas an Dr. Tadhg Ó Dúshláine, a fhoilsíonn imeachtaí na comhdhála ar bhonn bliantúil. Is mian le lucht eagraithe na comhdhála a mbuíochas a ghabháil leis An Sagart as a gcúnamh agus le Foras na Gaeilge a bhfuil maoiniú tugtha acu don chomhdháil le roinnt blianta.
 
 

Léachtaí Cholm Cille 2019 - Comóradh an Leathchéid

Friday 26th April/Saturday 27th April 2019
 
The annual Léachtaí Cholm Cille will celebrate 50 years at this year's conference on the 26th and 27th April 2019 http://www.leachtaicholmcille.ie/ This historic milestone will be reflected in the theme of this year's conference, organised by Dr Eoghan Ó Raghallaigh, which will take stock of current large research projects in Irish studies and consider the future direction of research in the discipline. Speakers will include Fangzhe Qiu of MU Early Irish ERC project, Chronologicon Hibernicum, and Aoife Ní Ghloinn of MU School of Celtic Studies who will speak about her work on a COGG-funded linguistics project which aims to profile the grammatical competence of Irish-language learners taking the Teastas Eorpach na Gaeilge (TEG) assessments in Irish. Dr Deborah Hayden of MU Early Irish will also speak about her current IRC Laureate project on medieval Irish medical texts. The conference will include contributions from colleagues from TCD, DCU and NUIG all of whom are involved in large-scale funded projects in areas such as Bardic Poetry, lexicography and contemporary Irish poetry.
 
MU President, Philip Nolan, will officially open the conference at 19:15 on Friday 26th, and the keynote lecture will be given by Prof. Máirín Nic Eoin (DCU), 'Imeall nó Tairseach? Ionad agus Éifeacht Chritic Liteartha na Gaeilge le 50 Bliain Anuas', in which she will examine the legacy of critical discourse in Irish over the past 50 years. Prof. Nic Eoin's lecture will be followed by the launch of a new book by Prof. Fionntán de Brún, Revivalism and Modern Irish Literaure – the anxiety of transmission and the dynamics of renewal (Cork University Press), the culmination of a recent AHRC (UK) funded project, and the launch of the proceedings of last year's conference, Léachtaí Cholm Cille XLIX: Ón nGruagach Gréagach go Myles na gCopaleen: Saol agus Saothar Mhuintir Nualláin.
 
Over the years, Léachtaí Cholm Cille has been a bellwether for current research in Irish and the conference proceedings have been published annually by An Sagart, the publishing company now headed by Dr Tadhg Ó Dúshláine. The conference organisers would like to acknowledge the generous assistance of An Sagart and also Foras na Gaeilge who have provided funding for the conference over a number of years.