Scrúdú TEG Ardleibhéal 1 (C1) 2016

Tuesday, October 20, 2015 - 13:15

Tá Teastas Eorpach na Gaeilge ag glacadh le hiarratais anois do scrúdú TEG Ardleibhéal 1 (C1) 2016. Beidh an scrúdú ar siúl thar an 29 & an 30 Eanáir 2016.

Tá an leibhéal scrúdaithe seo bainte amach ag teagascóirí tríú leibhéil, iriseoirí Gaeilge agus fostaithe san earnáil phoiblí, agus tá sé oiriúnach do dhuine ar bith atá ag iarraidh cáilíocht aitheanta phroifisiúnta a fháil a léiríonn ardscileanna teanga.

Tá páirtchreidiúint ar fáil don té nach bhfuil ag iarraidh ach teastas a fháil a léiríonn scileanna labhartha nó atá ag iarraidh an scrúdú a bhriseadh suas thar dhá bhliain. Má dhéantar an scrúdú cainte i 2016 caithfear an chuid eile den scrúdú a dhéanamh i mí Eanáir 2017 nó Eanáir 2018 chun an teastas iomlán a bhaint amach.

Tá scrúduithe samplacha, freagraí ar cheisteanna coitianta agus eolas d’fhostóirí ar fáil ar www.teg.ie chomh maith leis an bhfoirm iarratais. Tuilleadh eolais ar fáil ó Ionad na dTeangacha.
 
Teagmháil: Comhordaitheoir na Gaeilge
Seoladh: Ionad Teangacha Ollscoil Mhá Nuad, Ollscoil Mhá Nuad, Maigh Nuad, Co. Chill Dara
Guthán: (01) 708 3737
Ríomhphost: teanga@mu.ie