MA / Dioplóma Iarchéime san Aistriúchán agus san Eagarthóireacht (Ar Líne)

Beidh scoláireachtaí, a chlúdóidh táillí iomlána an chúrsa, ar fáil don bheirt iarrthóirí a fhaigheann na marcanna is airde sa scrúdú iontrála.
Monday, April 10, 2017 - 12:15

MA / Dioplóma Iarchéime san Aistriúchán agus san Eagarthóireacht (Ar Líne)

Tá Lárionad na Gaeilge ag glacadh le hiarratais anois do MA / Dioplóma Iarchéime san Aistriúchán agus san Eagarthóireacht (Ar Líne) 2017-18.
Beidh scoláireachtaí, a chlúdóidh táillí iomlána an chúrsa, ar fáil don bheirt iarrthóirí a fhaigheann na marcanna is airde sa scrúdú iontrála.
Tá gach eolas ar fáil anseo
Déantar iarratas ar líne ar http://www.pac.ie/maynoothuniversity 
Dáta deiridh d'iarratais: 28 Iúil 2017
Scrúdú iontrála in Ollscoil Mhá Nuad: Samhradh 2017
 

Aiseolas ó iar-mhic léinn an chúrsa

“Ba mhór an chabhair an t-eolas agus an treoir a tugadh dom agus mé i mbun an chúrsa agus mholfainn go mór é don té ar spéis leis scríobh na Gaeilge.” – Tadhg, 2015
“Bhí an t-aiseolas a thug na hoidí ó thús deireadh an chúrsa ar fheabhas...” Clare, 2014
“Toisc gur cúrsa páirtaimseartha atá ann a chuirtear ar fáil ar líne, bhí an deis agam leanúint le mo chuid oibre agus feabhas a chur ar mo scileanna teanga ag an am céanna... Tá na scileanna a d’fhoghlaim mé agus mé ag gabháil don Dioplóma Iarchéime tar éis dul chun sochair go mór dom i gcomhthéacs na hoibre." Orla,  2013
 
Fiosrúcháin: teanga@mu.ie / 01 708 6417