10,000 scrúdú curtha ar fáil ag Teastas Eorpach na Gaeilge

Tuesday, November 2, 2021 - 09:30

Tá ríméad ar Lárionad na Gaeilge a fhógairt go bhfuil 10,000 duine tar éis scrúdú TEG a dhéanamh, ó cuireadh tús leis an gcóras scrúdaithe d‘fhoghlaimeoirí fásta sa bhliain 2006. Rinneadh 2,000 scrúdú sa tréimhse 2020-21, an bhliain ba ghnóthaí a bhí ag TEG riamh ó thaobh líon na n-iarrthóirí de, in ainneoin dhúshláin na paindéime. 

I measc na ndaoine a thug faoi scrúduithe TEG in Éirinn i mbliana, bhí iarrthóirí a rinne scrúduithe TEG B1 agus B2 le riachtanais iontrála a shásamh do chúrsaí oiliúna sa bhunmhúinteoireacht – idir an Baitsiléar san Oideachas trí mheán na Gaeilge agus an Máistir Gairmiúil san Oideachas – agus sa mheánmhúinteoireacht chomh maith le daltaí idirbhliana ó mheánscoileanna ar fud na tíre.   

Ní in Éirinn amháin a rinneadh scrúduithe TEG; thug líon suntasach daoine atá lonnaithe i dtíortha éagsúla i bhfad i gcéin faoi na scrúduithe ar líne. Rinne iarrthóirí ón Afraic Theas, an Astráil, Stáit Aontaithe Mheiriceá, Ceanada, Beirmiúda agus Aontas na nÉimíríochtaí Arabacha idir scrúduithe cainte agus scrúduithe scríofa i mbliana.  

Anuas air sin ar fad, bhronn ALTE (Association of Language Testers in Europe) an Q-mark ar scrúduithe TEG den dara huair i mí na Samhna 2020. Údar mórtais do Lárionad na Gaeilge in Ollscoil Mhá Nuad an dul chun cinn atá déanta agus an méid atá bainte amach ag foireann TEG le 15 bliana anuas. Tá an fhoireann ag súil le filleadh ar na hionaid scrúdaithe ar fud na tíre arís in 2022. Tá sceideal scrúduithe 2021-22 ar fáil ar shuíomh TEG.