Ollscoil Mhá Nuad ar cheann de na 200 Ollscoil idirnáisiúnta is fearr

Thursday, January 14, 2016 - 14:30

Ollscoil Mhá Nuad ar cheann de na 200 Ollscoil idirnáisiúnta is fearr
Tá Ollscoil Mhá Nuad ranguithe ag Times Higher Education (THE) mar cheann de na 200 Ollscoil idirnáisiúnta is fearr. Dearbhú atá ann ar an seasamh atá ag Ollscoil Mhá Nuad mar  institiúid domhanda. Bhí Ollscoil Mhá Nuad rangaithe ag 146 ar an liosta. Rinne an THE cur síos ar an ionad a bhain Ollscoil Mhá Nuad amach i mbliana mar “éacht den scoth.”

Bunaítear an rangú seo ar an táscaire feidhmíochta a dearadh le tomhas a dhéanamh ar an ‘dearcadh idirnáisiúnta’. Cuirtear an cóimheas idir mic léinn idirnáisiúnta, mic léinn intíre agus baill foirne san áireamh chomh maith leis an méid oibre a dhéanann acadóirí i gcomhar le comhghleacaithe idirnáisiúnta.

Dúirt Phil Batty, Eagarthóir THE Rankings: “Tá dearcadh domhanda na hinstitiúide ar cheann de na príomh-láidreachtaí atá ag aon ollscoil mór le rá. Fostaíonn na hinstitiúidí is fearr foireann teagaisc ó áiteanna éagsúla ar fud na cruinne, meallann siad na mic léinn is cumasaí ón margadh domhanda agus bíonn siad ag comhoibriú le ranna ceannródaíocha, cibé áit a bhfuil siad suite. Léiríonn sé go bhfuil cumas, iomaíochas agus fuinneamh iontach ag an institiúid.” 
Agus é ag labhairt faoin rangú nua, dúirt Uachtarán Ollscoil Mhá Nuad, an tOllamh Philip Nolan: “Ní cóir an iomarca béime a chur ar scéim rangaithe ar bith ach is mór an sásamh dúinn é go bhfuilimid aitheanta mar cheann de na hOllscoileanna is fearr ar domhain. Dhírigh an Ollscoil ar a dearcadh idirnáisiúnta le blianta beaga anuas agus tá ag éirí linn baill foirne agus mic léinn den scoth a mhealladh ó áiteanna ar fud na cruinne. Tá líon na mac léinn idirnáisiúnta atá ag freastal ar Ollscoil Mhá Nuad dúbailte le cúig bliana anuas. Léiríonn rangú an lae inniu go bhfuil fás ag teacht ar cháil na hOllscoile do cháilíocht agus do mhéid an taighde agus an teagaisc. "

Léiríonn torthaí ó shuirbhé a rinne Study Portals le déanaí go bhfuil Ollscoil Mhá Nuad ar barr na ranguithe san Eoraip a bhaineann le leibhéil shásaimh na mac léinn idirnáisiúnta.
Tá plean straitéiseach á cur i bhfeidhm ag Ollscoil Mhá Nuad a mhairfidh go dtí 2017. Dearadh an plean seo le díriú ar agus le cur leis an obair a dhéanann an Ollscoil ar son oideachais agus ar son taighde. Tá sé mar aidhm aige líon na mac léinn idirnáisiúnta ar an gcampas a dhúbailt agus líon na mac léinn intíre a chaitheann am thar lear a dhúbailt chomh maith. Tá Ionaid Barr Feabhais nua do thaighde, feabhas suntasach ar oideachas fochéime agus comhoibriú le hinstitiúidí eile sa bhaile agus i gcéin luaite sa phlean.

Le breis agus 10,000 mac léinn, is í Ollscoil Mhá Nuad an ollscoil is gasta fás in Éirinn. Tá líon na mac léinn dúbailte ó 1999. Bhí Ollscoil Mhá Nuad chun tosaigh ar na hOllscoileanna eile in Éirinn sa bhliain 2012, 2013 agus 2014 ó thaobh céatadán na bhfoilseachán atá acu san aon faoin gcéad de na hirisí acadúla is luaite. As seacht n-ollscoil Éireannach, tá Ollscoil Mhá Nuad sa dara háit sna ranguithe ó thaobh líon na gcéimithe PhD atá ann do gach deichniúr ball den fhoireann acadúil.