Solas ar na Dumhchannaí: Aistí i gcuimhne ar Mhuiris Ó Meara seolta ag Oireachtas na Samhna.

Thursday, November 10, 2016 - 16:45

Solas ar na Dumhchannaí: Aistí i gcuimhne ar Mhuiris Ó Meara seolta ag Oireachtas na Samhna.

 

Ba mhór an stangadh a baineadh as pobal na Gaeilge nuair a cailleadh Muiris Ó Meara go hóg i samhradh na bliana 2014. Bhí an-ghealadh faoi Mhuiris mar scoláire agus mar scríbhneoir cruthaitheach. Iarradh ar chairde agus ar léachtóirí Mhuiris aistí acadúla a sholáthair don chnuasach aistí seo. Cuimsíonn na haistí seo na réimsí spéise a bhí ag Muiris féin: an scannánaíocht, an chritic chultúrtha, an amhránaíocht, an fhilíocht agus an Cumann Lúthchleas Gael. Léiríonn na haistí seo éagsúlacht agus feabhas na smaointeoireachta i Léann na Gaeilge faoi láthair, gort ar chuir Muiris go mór leis agus é ina bheathaidh. Chuaigh sé i bhfeidhm go mór ar dhaoine sna hinstitiúidí éagsúla ar fhreastail sé orthu in Éirinn agus thar lear, agus tá a rian sin le sonrú ar an mbailiúchán aistí seo.

 


Is iad Ailbhe Ní Ghearbhuigh, file agus Siún Ní Dhuinn, Léachtóir i Roinn Froebel, Ollscoil Mhá Nuad a chur an leabhar in eagar. 
Photo credit Dominick Walsh

 

Is í Áine Ní Bhreisleáin, craoltóir le Raidió na Gaeltachta agus cara mór le Muiris, a sheol an leabhar ag Oireachtas na Samhna 2016. Tá sé ar fáil anois ag www.iriscomhar.com/details.php?ID=81