Ó Cheanada go Conamara: An chéad Teastas i Múineadh na Gaeilge (ar líne) bronnta ag Lárionad na Gaeilge

Cuid de ghrúpa múinteoirí 2020-21 ag an searmanas bronnta ar líne le comhordaitheoir an chúrsa, Ailín Ní Chonchúir. Pictured are some of the 2020-21 teachers at the online awards ceremony with course coordinator Ailín Ní Chonchúir.
Wednesday, September 29, 2021 - 11:00

Ó Cheanada go Conamara: An chéad Teastas i Múineadh na Gaeilge (ar líne) bronnta ag Lárionad na Gaeilge

Bhronn Lárionad na Gaeilge an Teastas i Múineadh na Gaeilge d’Fhoghlaimeoirí Fásta (ar líne) le déanaí ar an gcéad chóhort mac léinn a bhí ag tabhairt faoin gcúrsa ar líne in áiteanna éagsúla ar fud an domhain – ó Luimneach go Lucsamburg, ó Cheanada go Conamara, ó Mhá Nuad agus Béal Feirste go Nua Eabhrac agus Washington D.C.  Is cúrsa nua é seo atá maoinithe ag an Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán.
Cuireann an cúrsa ar chumas múinteoirí ó shuímh agus ó chúlraí éagsúla teagaisc cur lena scileanna, tacaíocht a fháil óna gcomhghleacaithe agus comhairle agus stiúir a fháil ó mheantóirí teagaisc a thugann cuairt orthu i rith na bliana agus a bhíonn ag obair i gcomhar leo chun a scileanna teagaisc a fhorbairt.  Tugtar deis do na rannpháirtithe foghlaim faoin dea-chleachtas i múineadh teanga, faoi pheanáil cúrsaí agus ranganna, faoi fhorbairt na scileanna éagsúla teanga sa seomra ranga agus faoin teagasc ar líne.  Seo an t-aon chúrsa dá leithéid atá dírithe ar mhúineadh na Gaeilge d’fhoghlaimeoirí fásta agus dá bhrís sin, meallann sé múinteoirí a thagann ó reimsí éagsúla cúlraí agus taithí.  
 

Certificate in Teaching Irish to Adults (online) awarded for the first time by Lárionad na Gaeilge

The Centre for Irish Language  has awarded the Certificate in Teaching Irish to Adults (online) to its first cohort of students, who completed the course this year, while teaching Irish in locations all around the word – from Limerick to Luxembourg, from Canada to Conamara, from Maynooth and Belfast to New York and Washington D.C.  This new course is funded by the Department of Tourism, Culture, Arts, Gaeltacht, Sport and Media. 
The course enables teachers from various teaching backgrounds to develop their teaching skills, benefit from the support of colleagues and receive advice from teaching mentors who visit them online during the year and who support them in developing their skills. The course gives participants an opportunity to learn about best practice in language teaching, about course and class planning, about the development of the various language skills in the classroom and about online teaching. This is the only certified course of its kind available which is aimed at teaching Irish to adult learners, and therefore attracts teachers with a diverse range of experience in Ireland and abroad