Seoladh COMHARTaighde 5

An tOllamh Máirín Nic Eoin agus an Dr Liam Mac Amhlaigh, eagarthóirí COMHARTaighde, in éineacht leis an Ollamh Alan Titley agus leis an Ollamh Gearóid Denvir.
Saturday, November 30, 2019 - 14:00

Ba é an tOllamh Alan Titley a sheol an cúigiú heagrán de COMHARTaighde (www.comhartaighde.ie) Déardaoin 29 Samhain: an chéad ríomhiris phiarmheasta i léann na Gaeilge. Tá Ollscoil Mhá Nuad ar cheann de thrí institiúid tríú-leibhéal atá tar éis a bheith rannpháirteach in eagar agus foilsiú na hirise i bpáirt leis an teach foilsitheoireachta Gaelach, COMHAR. Téann an iris ó neart go neart le saothar cúig alt agus cúig léirmheas in 2019, agus iad ar fad innéacsaithe sa DOAJ, agus ar fáil don phobal i rochtain fhoinse-oscailte ar scáileán.  
 
Tá Ollscoil Mhá Nuad páirteach in COMHARTaighde ón tús, agus an tOllamh Ruairí Ó hUiginn, agus an tOllamh Fionntán de Brún ar an mbord comhairleach eagarthóireachta, agus ailt ó bhaill foirne ar aon dul le Tadhg Ó Dúshláine, Tracey Ní Mhaonaigh agus Caitlín Nic Íomhair in eagráin éagsúla agus Liam Mac Amhlaigh ina chomheagarthóir bunaidh ar an gcéad chúig eagrán. Tá an ghairm ar ailt amuigh anois d'eagráin 6/7 le sprioc den chéad lá Feabhra 2020.