Rath agus Bláth ar Ráth Chairn

Sa phictiúr le hEilís agus le Máire ag searmanas bliantúil Ollscoil na hÉireann tá an tOllamh Fionntán de Brún, Ceann Roinn na Nua-Ghaeilge.
Saturday, December 7, 2019 - 09:00

Bhí rath agus bláth ar Ráth Chairn ag Bronnadh Duaiseanna Ollscoil na hÉireann le déanaí óir bronnadh duaiseanna ar bheirt scoláirí óga éirimiúla as Gaeltacht Ghlas na Mí atá i mbun staidéir in Ollscoil Mhá Nuad faoi láthair. Déanann muintir Roinn na Nua-Ghaeilge comhghairdeas ó chroí le hEilís Richardovna Everard ar bronnadh Duais Theach an Ardmhéara uirthi agus le Máire Ní Churraoin a fuair an 3ú háit i nDuaiseanna H.H. Stewart don Ghaeilge. In éineacht le hEilís agus le Máire ag searmanas bliantúil Ollscoil na hÉireann ar 26 Samhain 2019 san Aviva bhí an tOllamh Fionntán de Brún, Ceann Roinn na Nua-Ghaeilge anseo ar champas.