100 Bliain den Ghaeilge i nDáil Éireann

Cormac Ó hEadhra, Fionnbarra Ó Brolcháin, Catherine Connolly TD, Vivian Uíbh Eabhach, Verona Ní Bhroinn agus an Dr Liam Mac Amhlaigh i ndiaidh an phléphainéil.
Tuesday, December 10, 2019 - 17:45

I gcomhpháirt le RTÉ Raidió na Gaeltachta agus Coiste Dheich mBliana na gCuimhneachán in Ollscoil Mhá Nuad, eagraíodh ócáid bhríomhar Dé Luain 25 Samhain, le céad bliain den Ghaeilge sa Dáil a cheiliúradh, ó bhunú Rannóg an Aistriúcháin, chuig an dul chun cinn atá déanta le linn na tréimhse sin ó thaobh stádás na Gaeilge mar theanga i gcroílár shochaí agus shaol poiblí na hÉireann.
 
Bhí an imeacht seo ina chlabhsúr ar aitheantas na hOllscoile don bhliain 1919, cuid thábhachtach do dheich mbliana na gCuimhneachán. Is i bhfoirm pléphainéil a bhí imeachtaí na hócáide le Vivian Uíbh Eachach, Príomhaistritheoir, Rannóg an Aistriúcháin, Catherine Connolly TD, Cathaoirleach Choiste na Gaeilge sa Dáil, Verona Ní Bhroinn, Príomhphreasoifigeach Dáil Éireann agus iarscoláire Ollscoil Mhá Nuad, agus an tOllamh Fionnbarra Ó Brolcháin, Ceann bunaidh ar FIONTAR, Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath, agus iarOllamh le Gnó in Ollscoil Mhá Nuad, ar an láthair.
 
Bhí an craoltóir aitheanta Cormac Ó hEadhra ina chathaoirleach ar an díospóireacht. Craolfar clár speisialta den phainéal ar an 4 Eanáir 2020 ar RTÉ Raidió na Gaeltachta. Réitíodh an ócáid ag an Dr Liam Mac Amhlaigh, agus an Dr Brian Mac Maghnuis, beirt bhall de Choiste Dheich mBliana na gCuimhneachán.