Scoláireachtaí Iontrála bronnta ar mhic léinn in Ollscoil Mhá Nuad

Tuesday, November 15, 2016 - 14:00

 
Thug Ollscoil Mhá Nuad aitheantas do chuid de na mic léinn is éirimiúla in Éirinn ag searmanas speisialta ar an 8 Samhain. Bronnadh Scoláireacht Iontrála ar 86 mac léinn ar an lá. D’éirigh leis na mic léinn sin 525 pointe nó níos mó a bhaint amach san Ardteistiméireacht.
 


 
Dúlra Hanley, iarscoláire de chuid Phobalscoil Naomh Attracta, Tobar an Choire, Sligeach, in éineacht leis an Ollamh Aodán Ó Maolchaoin, Leasuachtarán um Chúrsaí Acadúla, Cláraitheoir agus Uachtarán Ionaid. Tá céim sna healaíona (Nua-Ghaeilge agus Ceol) ar bun ag Dúlra in Ollscoil Mhá Nuad. D’éirigh le Dúlra áit a bhaint amach ar Scéim Chónaithe Ollscoil Mhá Nuad chomh maith.
 
 

Kathleen Sweeney, iarscoláire de chuid Chlochar Loreto, Leitir Ceanainn, Dún na nGall, in éineacht leis an Ollamh Aodán Ó Maolchaoin, Leasuachtarán um Chúrsaí Acadúla, Cláraitheoir agus Uachtarán Ionaid. Tá céim san oideachas ar bun ag Kathleen i Roinn Froebel don Bhun- agus Luath-Oideachas, Ollscoil Mhá Nuad. D’éirigh le Kathleen áit a bhaint amach ar Scéim Chónaithe Ollscoil Mhá Nuad chomh maith.
 

 
Seán Ó Nualláin, iarscoláire de chuid Choláiste Chois Life, Leamhcán, in éineacht leis an Ollamh Aodán Ó Maolchaoin, Leasuachtarán um Chúrsaí Acadúla, Cláraitheoir agus Uachtarán Ionaid. Tá céim sna healaíona (Nua-Ghaeilge agus Ceol) ar bun ag Seán in Ollscoil Mhá Nuad. 
 

 
Máire Doherty, iarscoláire de chuid Phobalscoil Charn Domhnach. Tá céim sna healaíona ar bun ag Máire (Nua-Ghaeilge, Matamaitic agus Stair) in Ollscoil Mhá Nuad. 
  ​