Maynooth students cycle for National Rehabilitation Hospital

Dublin Footballer Eoghan O'Gara on campus to launch the Galway Cycle / Bhí Eoghan O’Gara, imreoir peile Bhaile Átha Cliath, ar an gcampas chun Rothaíocht Charthanachta na Gaillimhe a sheoladh.
Thursday, December 1, 2016 - 09:30

Irish Version
Annual Galway Cycle has raised €1.5mn for charities over 30 years

Details were announced today of the 30th annual Galway Cycle organised by Maynooth Students for Charity. Over the years the event has raised €1.5 million for charities with a special interest in supporting children, and this year's charity is the Paediatric Family Centred Rehabilitation (Paeds) Unit in the National Rehabilitation Hospital (NRH), Dún Laoghaire.

On Friday, 7 April 2017, more than 300 cyclists, collectors and support crew will make the now familiar return journey from Maynooth to Galway, cycling 400km over the weekend to raise funds for their nominated charity.

"This is a big year for us," said the President of the Galway Cycle, Samantha Ward. "In 30 years we have raised over €1.5 million and this year we are very eager and delighted to add to that total by fundraising for the Paediatric Unit of the NRH, where amazing work is done for young people."  

The Paediatric Unit at the NRH delivers specialist interdisciplinary rehabilitation programmes to children and young people from throughout Ireland who have sustained an acquired brain injury, spinal cord injury, limb absence (congenital or traumatic), and a number other neurological conditions, as a result of an accident, illness or injury.

Funds raised by Maynooth Students for Charity will go towards equipping the Therapeutic & Sensory Garden, the Therapeutic Outdoor Playground, the Multi-Sensory Therapy Room and the Adolescent Den in the National Rehabilitation Hospital.

For more information, and to join the fundraising initiative, contact Galway Cycle, Maynooth Students for Charity, David Burke, pro@galwaycycle.ie

Mic léinn Ollscoil Mhá Nuad ag rothaíocht ar son an Ospidéil Náisiúnta Athshlánúcháin

Breis agus €1.5m bailithe ag Rothaíocht Charthanachta na Gaillimhe do charthanais le tríocha bliain anuas

Fógraíodh na sonraí inniu a bhaineann leis an tríochadú Rothaíocht Charthanachta na Gaillimhe atá eagraithe ag Mic Léinn ar son na Carthanachta, Ollscoil Mhá Nuad. Tá breis agus €1.5 milliún bailithe ag an ócáid seo thar na blianta do charthanais a thacaíonn le páistí. I mbliana, baileofar airgead don Aonad Péidiatraiceach Athshlánúcháin Theaghlachlárnaigh san Ospidéal Náisiúnta Athshlánúcháin (NRH), Dún Laoghaire.

Ar an Aoine, 7 Aibreán 2017, beidh níos mó ná 300 duine – rothaithe, bailitheoirí airgid agus foireann tacaíochta - ag taisteal ó Mhaigh Nuad go Gaillimh. Cuirtear an turas seo, atá níos mó ná 400km ar fad, i gcrích thar deireadh seachtaine agus an aidhm atá leis ná airgead a bhailiú don charthanas ainmnithe.

“Tá bliain mhór romhainn,” arsa Samantha Ward, Uachtarán Rothaíocht Charthanachta na Gaillimhe. “Tá breis agus €1.5 milliún bailithe againn le tríocha bliain anuas agus i mbliana, tá áthas an domhain orainn go mbeidh muid ag cur leis an méid sin trí airgead a bhailiú don Aonad Péidiatraiceach san Ospidéal Náisiúnta Athshlánúcháin. Déantar obair den scoth san aonad sin do dhaoine óga.”
Cuireann an tAonad Péidiatraiceach san Ospidéal Náisiúnta Athshlánúcháin sainchláir athshlánaithe idirdhisciplíneacha ar fáil do pháistí agus do dhaoine óga ó áiteanna ar fud na hÉireann a bhfuil gortú inchinne faighte nó gortú an chorda dromlaigh orthu, easpa géige (ón mbroinn nó mar thoradh ar theagmhas trámach), nó riochtaí néareolaíocha eile orthu mar thoradh ar thimpiste, ar thinneas nó ar ghortú.
Cabhróidh an t-airgead a bhaileoidh Mic Léinn ar son na Carthanachta leis an ospidéal trealamh a fháil do Ghairdín Teiripeach & na gCéadfaí, Clós Súgartha Theiripigh Allamuigh, Seomra Teiripe Ilchéadfaigh agus Spás na nDéagóirí san Ospidéal Náisiúnta Athshlánúcháin.

Má theastaíonn tuilleadh eolais uait, nó má tá spéis agat cabhrú leis an gníomhaíocht tiomsaithe airgid seo, déan teagmháil le David Burke, Rothaíocht Charthanachta na Gaillimhe, Mic Léinn ar son na Carthanachta, Ollscoil Mhá Nuad, pro@galwaycycle.ie