Gradam Phearsa Cumainn na Bliana bronnta ar Róisín Ní Mhaoláin, Cuallacht Cholm Cille

Tuesday, April 17, 2018 - 17:00

Ag Oíche na gClubanna agus na gCumann a reáchtáladh le déanaí, bhronn Aontas na Mac Léinn, Má Nuad, an gradam do Phearsa Cumainn na Bliana ar Róisín Ní Mhaoláin, an tOifigeach Caidrimh Poiblí atá ag Cuallacht Cholm Cille, ar son a cuid oibre. Tá Niamh Halpenny, Leasuachtarán an Aontais do Chúrsaí Oideachais, le feiceáil sa ghrianghraf in éineacht le Róisín.