Scoláireacht Chiste Theach an Ardmhéara 2018

Tuesday, November 13, 2018 - 18:00

Bronnadh Scoláireacht Chiste Theach an Ardmhéara ar Miriam Fitzsimons ag Searmanas Bronnta Duaiseanna Ollscoil na hÉireann 2018 i dTeach an Ardmhéara ar an 13 Samhain. Tugtar Scoláireacht agus Duais Chiste Theach an Ardmhéara sa Ghaeilge do mhic léinn Gaeilge i gcomh-ollscoileanna OÉ bunaithe ar a gcuid torthaí scrúdaithe deireanacha. Sa phictiúr, in éineacht le Miriam, tá an Dr Maurice Manning (Seansailéar OÉ), An tOllamh Fionntán de Brún agus an Dr Attracta Halpin (Cláraitheoir OÉ).