Highest ever first preference applications for Maynooth University

Thursday, March 9, 2017 - 09:30

Leagan gaeilge

​Maynooth University has experienced its highest-ever level of first preference applications, with more than 3,400 students selecting Maynooth as their university of choice for the 2017-18 academic year. This figure represents a 5% increase on applications from 2016, which was itself a record-breaking year for Maynooth. Maynooth University’s Bachelor of Arts continues to be the most popular course in the country, with first preference applications increasing by 2%.

Maynooth’s sector-leading growth comes at a time when overall CAO application figures have remained flat. This speaks to the success of Maynooth’s new undergraduate curriculum. The new model offers students a level of flexibility in when they choose to specialise, first-year critical skills modules, and opportunities to study across disciplines that are unique among Irish universities.

The number of entry-routes into Maynooth University have been reduced in order to streamline the CAO application process and to offer broader courses that allow students to make more informed choices about the best education for their future.

The latest CAO figures reveal increased interest in Maynooth University courses across all major fields. There was a 32% increase in the number of first preference applications for Business, 16% for Media Studies, 15% for Psychology and 9% for Biological Sciences. Maynooth also is experiencing a significant uptake in its Law degree, driven in large part by a new Criminology course, offered for the first time in this year   as part of the broad entry law programme.

Commenting on the figures, Professor Philip Nolan, President of Maynooth University, said: “Maynooth University occupies a unique position amongst Irish universities, and these latest CAO figures are a gratifying endorsement of the bold choices we have made as an institution. We are proud to offer our students the greatest level of flexibility and control over their education available in the Irish sector and we will continue to listen to students as their needs evolve. In a rapidly changing jobs market, our model of education prepares students to be adaptable, creative and resilient thinkers. Our graduates leave Maynooth fully equipped with the analytical and communication skills they need to meet the needs of their employers, bringing new approaches to problem-solving that help them contribute from day one.”

“We look forward to welcoming our new students for the 2017- 18 academic year, and will continue to innovate and invest in our world-class research and educational opportunities to ensure that Maynooth continues to be the destination of choice for students across Ireland and beyond.” 

Níos mó iarratas céad rogha ná riamh faighte ag Ollscoil Mhá Nuad

Tá níos mó iarratas céad rogha ná riamh faighte ag Ollscoil Mhá Nuad agus an ollscoil roghnaithe ag breis agus 3,400 mac léinn don bhliain acadúil 2017 -2018. Léiríonn an figiúr seo go bhfuil ardú cúig faoin gcéad tagtha ar líon na n-iarratas ó 2016 – bliain a bhí thar na bearta ó thaobh na n-iarratas chuig Ollscoil Mhá Nuad. Is é Baitsiléir Ealaíon Ollscoil Mhá Nuad an cúrsa is mó a bhfuil tóir air sa tír agus ardú dó faoin gcéad tagtha ar líon na n-iarratas céad rogha atá faighte aige.

Tá Ollscoil Mhá Nuad chun tosaigh san earnáil mar thoradh ar na harduithe seo atá le feiceáil ag am ina bhfuil na figiúirí maidir le hiarratais LOI (Lár-Oifig Iontrála) go ginearálta seasta go leor. Tá na harduithe ag teacht leis an rath atá ar churaclam fochéime nua Ollscoil Mhá Nuad. Cuireann an eiseamláir nua tuilleadh solúbthachta ar fáil do mhic léinn maidir le cathain a chinnfidh siad speisialtóireacht a dhéanamh, modúil i scileanna criticiúla sa chéad bhliain, agus deiseanna staidéar a dhéanamh thar dhisciplíní éagsúla atá uathúil i measc ollscoileanna na hÉireann.

Tá líon na mbealaí iontrála chuig Ollscoil Mhá Nuad laghdaithe le próiseas iarratais an LOI a dhéanamh níos éifeachtaí agus le cúrsaí níos leithne a chur ar fáil do mhic léinn, cúrsaí a chuirfidh ar an gcumas roghanna stuama a dhéanamh maidir leis an oideachas is fearr dóibh sa todhchaí.

Léiríonn na figiúirí LOI is déanaí go bhfuil ardú tagtha ar an spéis atá léirithe i gcúrsaí Ollscoil Mhá Nuad i ngach príomhréimse. Tá ardú 32 faoin gcéad tagtha ar líon na n-iarratas céad rogha atá déanta ar Ghnó, ardú 16 faoin gcéad ar líon na n-iarratais céadrogha ar Staidéar ar na Meáin, ardú 15 faoin gcéad ar líon na n-iarratas céadrogha ar Shíceolaíocht agus ardú naoi faoin gcéad ar líon na n-iarratais céadrogha ar Eolaíochtaí Bitheacha. Tá spéis shuntasach léirithe ag mic léinn i gcéim dlí na hOllscoile a bhuíochas den chuid is mó leis an gcúrsa nua i gcoireolaíocht, cúrsa a cuireadh ar fáil den chéad uair i mbliana mar chuid den chlár dlí le bealach iontrála níos leithne.

Agus é ag labhairt faoi na figiúirí, dúirt an tOllamh Pilib Ó Nualláin, Uachtarán Ollscoil Mhá Nuad: “Tá áit uathúil ag Ollscoil Mhá Nuad i measc ollscoileanna na hÉireann agus tacaíonn na figiúirí is déanaí ón LOI leis na roghanna misniúla atá déanta againn mar institiúid. Táimid bródúil an tsolúbthacht agus an leibhéal smachta ar a gcuid oideachais féin is mó atá ar fáil in earnáil na hollscolaíochta in Éirinn a thairiscint dár mic léinn. Leanfaimid orainn ag tabhairt éisteachta do na mic léinn de réir mar a thagann athrú ar a gcuid riachtanas. Bíonn an margadh fostaíochta ag athrú go sciobtha agus ullmhaíonn an eiseamláir oideachais atá in úsáid anseo na mic léinn le bheith ina smaointeoirí solúbtha, cruthaitheacha agus acmhainneacha. Nuair a fhágann ár gcéimithe Má Nuad, bíonn na scileanna anailíseacha agus cumarsáide acu a theastaíonn uathu le freastal ar riachtanais a bhfostóirí agus tugann siad cuir chuige nua leo maidir le fadhbréiteach, rud a chabhraíonn leo a gcion a dhéanamh ón gcéad lá.”

“Táimid ag tnúth le fáilte a chur roimh na mic léinn don bhliain acadúil 2017 -2018 agus leanfaimid orainn ag nuáil agus ag déanamh infheistíochta inár dtaighde den scoth agus i ndeiseanna oideachasúla lena chinntiú go mbeidh Ollscoil Mhá Nuad mar chéad rogha ag mic léinn ar fud na hÉireann agus níos faide i gcéin.”